Tá ár pobal ar fad ag déanamh iarracht mhór lena chinntiú go mbíonn deiseanna níos rialta ag daltaí an stór focal nua agus an Ghaeilge atá acu a chleachtadh agus a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla, agus béim faoi leith á cur ar chumarsáid bharántúil. Cuirtear béim mhór ar straitéisí a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealach dearfach:
• Ainmniúcháin ag an tionól trí mheán na Gaeilge
• Beannachtaí maidine agus trathnóna trí mheán na Gaeilge
• Duaiseanna trí mheán na Gaeilge
• Buíochas a léiriú trí mheán na Gaeilge